Scoil: Na Cealla (Kells) (uimhir rolla 8148)

Suíomh:
Na Cealla, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Pádraig Ó Fiannachta
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 114

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 114

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Na Cealla (Kells)
  2. XML Leathanach 114
  3. XML “Liosanna”
  4. XML “Liosanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá alán liosanna mór-tímcheall na h-áite. Tá dhá ceann aca ins na Ródaibh i talamh na Súilleabhánaig. Bhí fear ann darbh ainm Tadhg Ó Cobhthubhaigh agus do cúaidh sé ag rómhar na páirce. Fúair sé rásúr, scáthán, túbháile, dubh is peann agus morán rudaí eile. Seadh bhí san go maith do cúaidh sé a chodladh an oidhche sin is níor eirig sé riamh arís an fear bocht. Eóin a tugtar ortha annso. Tá ceann súas i gConacáin-O-Fholugha; Eóin a tugtar ar é sin leis. Bhí buacaill darbh ainm Mícheál Ó Conaill. Do cuaidh sé síos san lios. Do chuaidh sé ró-fhada sios. Bhí straigre ag dul síos i bhfuirm cruinn. Níorbh fhéidir leis teacht aníos in aon chor. Bhí sé ann ar feadh dhá lá agus dá oidhche. Bhí sé ag dul i laige leis an ocras; sin é an fáth ná raibh sé abálta teacht aníos. Bhí a mhuinntir ag cuardach na h-áite d'féacaint a bfaghaidís é. Pé slighe do chuaidh na daoine aosta fé dhéin an liosacáin agus bhíodar ag glaodach cómh h-árd is a bhféidir leó. Do cualadh sé íad acht ní raibh sé abálta cun freagradh a tabhairt dóibh. Sa deireadh síar thall do tháinig sé súas slíghe eigin agus ní mhair sé seacht lá na dhiaidh sin. Tá ceann ag dul
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. áiteanna osnádúrtha agus spioradálta (~158)
        1. ráthanna (~5,616)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Tomás Ó Mhuircheartaigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Na Cealla, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Mícheál Ó Mórán
    Inscne
    Fireann
    Aois
    73
    Seoladh
    Na Ródaibh, Co. Chiarraí