School: Na Cealla (Kells) (roll number 8148)
- Location:
- Na Cealla, Co. Chiarraí
- Teacher: Pádraig Ó Fiannachta
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Na Cealla (Kells)
- XML Page 084
- XML “Penal Days”
- XML “Péindlíthe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)into her house so she stopped him then the priest touched the wall with his foot and ever afterwards the wall of Wynne's castle are wet.
- Ba mhór an t-anródh a bhíodh ag na daoine fadó tímcheall aimsear na bpéin dlíghthe sin trí céad bliadhain ó shoin geall leis agus bé Sasana fé ndeara é go leír. Do cuireadh na sagairt is na h-easboig cun baís íad go leír ach ceann aca i ngach paróiste. Dá bhrígh sin is amuigh fén dtuaith a léighidís an Aifreann. Tá cnoc cuibheasach árd síar ins na Ródaibh, áit a faightear móin anois agus uair amháin san droch shaoghail do bhí sagart ann agus san áit sin do léigh sé an t-Aifreann. Ar barr an chnuic a bhí sé in aice Cros an Canóin agus glaodhtar Sagart ar an áit ó shoin. Tá cloch ann agus bé sin an altóir agus cloch eile mar cleíreach agus cloch mór mar sagart, tugtar Cléireach air leis. Tá faill mór eile i gCúm na Cróineach ó thuaidh ó Gleann Beithe agus do léim sagart thar faille ann agus tá rian a chos ar an gcloich, ag rith ós na saighdiúirí a bhí sé. Bhí fear eile ann agus do chaith na saighdiúirí é isteach san dteine agus bí paidrín ar a mhinéal agus an párt na raibh an paidrín níor dhóghadh é in aon chor agus d'iompuig na(continues on next page)
- Collector
- Tomás Ó Mhuircheartaigh
- Gender
- Male
- Address
- Na Cealla, Co. Chiarraí
- Informant
- Míceál Ó Mórán
- Gender
- Male
- Age
- 73
- Address
- Na Ródaibh, Co. Chiarraí