Scoil: Na Cealla (Kells) (uimhir rolla 8148)

Suíomh:
Na Cealla, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Pádraig Ó Fiannachta
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 039

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 039

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Na Cealla (Kells)
  2. XML Leathanach 039
  3. XML “Comharthaí Aimsire”
  4. XML “Comharthaí Aimsire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    nuair bhíonn an aimsear breágh cúghainn bíonn an ghrían go beag, dearg, geal. Bíonn cómhradh ar an ngealaigh leis, agus bíonn babhaisíní air. Nuair a bhíonn fearthainn chúghainn bíonn na réiltíní cómh geal le spré theine nuair a bhíonn sneachtadh léath chúghainn. Bíonn an fhairrge go garbh is na tonnta ag éirighe go ládair is na seagaí ag rith leis an seannradh go dtí gach pluais. Bíonn na faoláin ag siubhal ar na bántaibh nuair bíonn an fearthainn cúghainn. Bíonn na íascairí ag eiteal ó áit go h-áit is íad ag gagalach le na cheile cómhradh iseadh é sin go bhfuil droch aimsear cúghainn. Cómhrradh eile ní fhéachann an Daingean ach leath mhíle úainn cómhradh ieadh é go bhfuil droch aimsear chúghainn. Rud eile nuair a bhíonn an ghrían ag éiríghe ar maidin is an taobh shíos de'n ghrían cómh geal le caor is nuair a eirígheann an dearg san, cómhradh iseadh é go bhfuil droch aimsear cúghainn.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Tá níos mó cómhraí droich aimsire ann ná cómhraí deagh aimsire. Bíonn an madra ag ithe an fhéar ghla(i)s. Bíonn an cat in aice na teine agus é ag nígh a aghaidh le na lapaí. Bíonn na faoileána ós cionn talaimh. Bíonn an t-iasc ag pileáil, bíonn na scamaill san spéir briste agus dubh agus bíonn ceó bán ar barr an chnuic.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. seanchas aimsire (~6,442)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Tomás Ó Seaghdha
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Glísc, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Eibhlín Bean Uí Seaghdha
    Inscne
    Baineann
    Aois
    54
    Seoladh
    Glísc, Co. Chiarraí