Scoil: Na Cealla (Kells) (uimhir rolla 8148)

Suíomh:
Na Cealla, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Pádraig Ó Fiannachta
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 104

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 104

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Na Cealla (Kells)
  2. XML Leathanach 104
  3. XML “Laethanta Áirithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Is mó lá go bhfuil an sonas ortha agus a thuille aca go bhfuil an dona orra. Beidh an rath ort má tosneóir ag cur bprátaí Dé h-Aoine agus deirtear na beidh an rath ort má thosneóir Dé Luain. An nídh a bhíonn rugtha ar Mí Mietheamh ní bhfásann sé nó sí in aon cor. An céad Domhnach taréis duine a bheith pósta ní théigheann an lanamha go h-Aifreann. Ní théigheann aenne ag bhálcéireacht Oidhche Nodhlag. Ní ceart bheith ag fúghbháil ar Lá le Bríghid. Nuair a bhíonn duine breóidhte agus dá mbeadh sé ana old Dé h-Aoine, beadh baoghal go bhfaghadh sé bás; mar is ar an lá sin do fuair ár Sláinuightheóir bás. Ní ceart uaigh d'oscailt Dia Luain, nó Lá Cuille deineann siad é a dhéanamh Dia Satharn nó Déann san Inid ar a dtugtar Ramhart Ruadh na h-Innide. Bhí fear ann fadó agus bhí inghean aige dárbh ainm Máire agus do cuireadar í Dé Luain agus bhí alán trioblóidí aige in dhiaidh sin agus bhí mac aige agus do báthadh é. Máirt na h-Innide théigheann na daoine nár phós go Sceillig ar turas.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Tomás Ó Muircheartaigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Na Cealla, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Míceál Ó Móráin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    73
    Seoladh
    Na Ródaibh, Co. Chiarraí