Scoil: Na Cealla (Kells) (uimhir rolla 8148)

Suíomh:
Na Cealla, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Pádraig Ó Fiannachta
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 057

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 057

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Na Cealla (Kells)
  2. XML Leathanach 057
  3. XML “Longbhriseadh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Thárlaidh an chrúadhtan seo an lá garbh gaothmhar úd an 16ádh Márta 1830. Is amhlaidh a bhí an long aluinn "Rósette" ag teacht ó Spáin agus criú de dhachad fear innti, gaedhil an cuid ba mó dhíobh. Cuaidh an long ar strae san bhfarraige mhóir agus rith sí isteach go bágh an Daingin. Níor chuir aoinne suim innte cé go go raibh sí le feiscint ó'n talamh tirim, ach mar sin féin bhí iongnadh ar gach aoinne ar cad a thug ann an long. Bhí sí stadaidhthe san áit céadna ar feadh dhá lá. Ar maidin an triumhadh lae d'éirig an gaoth agus bhí na tonnaibh cómh h-árd le slíabh beagnách. Cathadh an long ó áit go h-áit agus bhí fhios ag na daoine a bhí ag féachaint go raibh deire léi. Ó ba bhrónac an lá é agus bhí an radharc seact n-úaire níos measa, long ag briseadh agus criú ag báthadh agus gan leigheas ag aoinne ortha go ndéanadh Dia trócaire ortha mar is olc an bás a fúaireadar. Fé dheire cuaidh sí go tón poill agus deirtear go bhfuil sí ann fós má's fíor é.
    Do thuit an tubaist ní lá gréine san san bhFóghmhar
    Ach lá garbh fuar san Geimhridh
    Ag teacht ó Spáin bhí an long breágh nua
    Ach codluidheann sí fé's na tonnaibh.

    Ná blíanta ó shoin i 1700 bhí Uibh Ráthac go h-ana shaidhbhir. Ní raibh ach dá treabh daoine uinnti Muinntir Cearbhall agus Muinntir Mhatghamhna. Ní raibh duine de breis
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. cruatan (~1,565)
        1. longbhriseachta (~384)
    Teangacha
    Gaeilge
    Béarla
    Bailitheoir
    Máire Ní Shúilleabháin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Na Cealla, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Míceál Ó Shúilleabháin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    37
    Seoladh
    Na Cealla, Co. Chiarraí