Scoil: Na Cealla (Kells) (uimhir rolla 8148)
- Suíomh:
- Na Cealla, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Pádraig Ó Fiannachta
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Na Cealla (Kells)
- XML Leathanach 048
- XML “Daoine Cáiliúla”
- XML “Daoine Cáiliúla”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)na cúig curcáin mhóra prátaí agus an croiceann ortha. Do deánfadh an méid sin biadh coighchidhse do Sheán. In dhiaidh sin cuaidh sé féin agus a bhean agus beirt inghean go Learpholl agus bhí tig bhreág aige ann. Bhí fear láidir eile ins na Ródaibh darbh ainm Pádraigh Ó Cobthaig ach tá sé beó fós; an "Yank" a tugtar air mar bhí sé in America leis a dhearbrathár dob fhédir leis cúig ceád meadhchaint do thógáil dob é an fear ba láidre in America an uair sin. I Boston do bhíodh sé san tigh a marbhuightear beithidheagh, ceathramhadh do beithidhigh (?) dob eadh an meadhchaint.
- Fadó tháinig fear ó Corchaig go dtí paróiste na Dromoda; maíghistir rinnce dob eadh é is gach Domhnch taréis Aifrinn do bhíodh rinnce acha ag barra na h-Aoine. Tráthnóna amháin thaínig cailín óg deas go dtí an aít; nuair a chonnaic an Mháighistir rinnce an chailín deas óg thuit sé in ghrád leí is dealluigheadhar le céile gur sroiseadh abha na h-Aoine. Bhí muinntir an chailín na dhiaidh. Ach nuair a srois sé an abha níor bhféidir leis siubhal treasna mar bhí sé ro-dhoimhin ar fad. Thug sé léim amháin is níor stad sé gur sheas sé slán ar an mbruach eile. Acht dá mbeireadh na daoine air is dóca go dtógaidís a bheatha. Fear an-láidir dob eadh(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní Curráin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Na Ródaibh, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Eibhlín Bean Uí Curráin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 44
- Seoladh
- Na Ródaibh, Co. Chiarraí