Volume: CBÉ 0441 (Part 5)
- Date
- 1935–1937
- Collector
- Location
On this page
- Trághadh an Tobair."Tá marc annsin thíos ag Tobar Cholmcille. 'Trághadh an Tobair' an t-ainm ata air. Tá sí idir an dá thobar.
"Nuair a bhíonns an aimsear briste tá an trághadh briste; bíonn sí a' pléasgadh aníos amach as na garrantaí - bíonn sí chomh bainte sin."
(An Chloch Mhór) - "Tarnuigheann taithighe cathú."
Damhsaí san oidhche: "'Tarnuigheann taithighe cathú', sin sean-fhocal. Áit a mbéadh síbín, áit a mbéadh damhsa, ní thagann rud maith as go minic."
Síbín: "Ní dhéanfhaidh sé mórán orm-sa."
"Níl fhios agat - tarnuigheann taithighe cathú."
(An Chloch Mhór) - Contabhairteach
"'Mara contabhairteach, ní éadálach'. Dá gceann'á rud - péire banbh. Bíonn contabhairt orthab, agus déarfhadh duine: 'Mara contabhairteach, ní éadálach.'
(An Chloch Mhór)