Volume: CBÉ 0441 (Part 5)
- Date
- 1935–1937
- Collector
- Location
On this page
- Cinn Mhara
"Tá cúig pharáiste isteach ag iarraidh móna ann. 'Sé an áit is mó a dteidheann na bádóirí thoir.
"Chuaidh na bádóirí isteach i dteach ag ól béiléiste (sláinte na feamuinne) ar fheamuinn. Bhí sean-fhear a' déanamh maistre. Dubhairt cuid dhe na bádóirí deoch a thabhairt dhon sean-fhear. Dubhairt fear eile: 'Nach bhfuil rud is fearr aige ná é - bláthach?'. 'Bfhearr liom', adeir sé, 'aon píonta amháin pórtair ná a bhfuil dho bhláthach i gCinn Mhara.
"Is minic a tarraingeadh an sgéal sin anuas nuair a bhíodh cainnt ar ól."
Pórtar: "Ní chreacálfhadh sé iad. Ní dhéanfhadh sé oiread dochair leis a' bpoitín."
(An Chloch Mhór). - Bradach
Cut - "Bhí sé 'chomh bradach le smut an tsionna''" - sean-fhocal.
Smut - béal.
(An Chloch Mhór) - Gluais-rothar
Fear ar ghluais-rothar: "Ní raibh an ghaoth fhéin chomh luath leis - nó má bhí, bhí siubhal aici."
(An Chloch Mhór)