School: Machaire Rabhartaigh
- Location:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
- Teacher: Seán Ó Gallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Machaire Rabhartaigh
- XML Page 185
- XML “Scéaltaí Grinn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sgéaltaí GrinnBhí fear 'na chomhnuidhe i gCorcaigh aon uair amháin agus bhí mac aige nach raibh comhairle ar bith aige air. D'iarr an t-athair aire a bheith ar shiubhal agus saothrughadh do féin. Smaointigh sé go rachadh sé go Americá agus ní raibh aige ach dhá phunta. Chuaidh sé fhad le fear de na seóltóirí agus dubhairt sé gur mhaith leis a ghabháil go Americá. Dubhairt an seóltóir leis a dhul fhad leis an chaiptín agus chuaidh, acht dhiúltuigh an caiptín é. Tháinig sé fhad leis an t-seoltóir arís agus d'innis do gur diúltuighadh é. "Fáigh mála, cnámh, agus buideál," arsa an seoltóir. Rinne an fear an rud a h-iarradh air. Nuair a bhí an long ag an chuan d'fhág an seoltóir an fear istoigh ins an luing an áit nach bhfeicfidhe é. D'imthigh an long
agus nuair a bhí siad comhair a bheith thall chuaidh an caiptín agus an mhuinntir eile chuig a ndinnéar. Thug an seoltóir leis an fear agus leig sé síos ins an fhairrge é.
Nuair a bhí siad réidh le na ndinnéar chonnaic an caiptín fear amuigh ins an fhairrge agus d'orduigh sé rópa a
chaitheadh amach chuige. Caitheadh amach an rópa chuig an fear acht níor bheir sé air. Chuaidh siad amach ansin i
mbád fá na choinne acht ní rabh sé sásta theacht isteach leo. "Mise an fear nach leigfeadh an caiptín leis anall agus nuair a shnámh mé go dtí seo ní rachaidh mé isteach anois agus nuair a rachaidh mé anonn go Meiriceá náireóchaidh mé an caiptín," arsa an fear. Sa deireadh
bhréag siad isteach é agus rinne siad a ndícheall leis go rabh siad(continues on next page)- Collector
- Séamus Mac Géidigh
- Gender
- Male
- Address
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
- Informant
- Seán Mac Pháidín
- Gender
- Male
- Age
- 58
- Address
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal