School: Machaire Rabhartaigh
- Location:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
- Teacher: Seán Ó Gallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Machaire Rabhartaigh
- XML Page 210
- XML “Paidreacha Eile”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)as a dheis láimh scaball donn na mbrainsí óir. Nil aon duine a iomchruigheas mo abaid-se, agus a h-iomchur mar is cóir, nach mbéidh séala agam ar a anam ins an ghlóir.
X
Mhaighdean bheannaithe is gile nó an ghrian, a Mháthair Dé gan smal.
Coinnle Muire, Flaitheas Dé go rabh lasta ag an anam ar uair ár mbáis.
XI
A Mháire mhilis, an rabh tú i na mháthair ag Dia ariamh? Buaidh na cruinne ag cuid mná shíol Éabha, tiocfaidh na seacht n-aingle ar uair ár mbáis agus tógfaidh suas mise go banntracht Dé agus Rí na ngrás.
XII
A Mhaighdean mhodhamhail, mhaiseach, is tú mo lón, mo stór agus mo choiscéim saor o'n t-solas a chuireas sinn ar an eolas go pobal mór na h-airighthe, ar áit a siltear na deora agus a nightear na lámha go dtabhairfeadh sin an t-anam saor go flaitheas Dé agus Rí mhór na h-airighthe.
XIIIA Íosa, mhic Íosa agus a athair ó'n t-slóigh a dhóirt fuil do chroidhe agus a cheannuigh go daor í. Bí agam i mo shuidhe, i mo luighe, agus mo chodladh. Go gcuiridh tú na droch smaointidhe malluighthe uilig amach as mo cheann agus is mo chuimhne. Tré rún dó ghrása anuas as na flaithis a sgaoilfear mo chroidhe-sa le carraig go cruaidh.
XIIIIA Mháire mhilis atá i n-a suidhe ar an deis láimh bí agam i mo suidhe agus i mo luighe agus go háirid ar uair mo bháis agus go dtógfaidh tú suas mise go ríoghacht Dé Amén.- Collector
- Nóra Ní Ghallchobhair
- Gender
- Female
- Address
- Mín Lárach, Co. Donegal
- Informant
- Seán Ó Curráin
- Gender
- Male
- Age
- 68
- Address
- Mín Lárach, Co. Donegal