School: Machaire Rabhartaigh

Location:
Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
Teacher:
Seán Ó Gallchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 210

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 210

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Machaire Rabhartaigh
  2. XML Page 210
  3. XML “Paidreacha Eile”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    as a dheis láimh scaball donn na mbrainsí óir. Nil aon duine a iomchruigheas mo abaid-se, agus a h-iomchur mar is cóir, nach mbéidh séala agam ar a anam ins an ghlóir.
    X
    Mhaighdean bheannaithe is gile nó an ghrian, a Mháthair Dé gan smal.
    Coinnle Muire, Flaitheas Dé go rabh lasta ag an anam ar uair ár mbáis.
    XI
    A Mháire mhilis, an rabh tú i na mháthair ag Dia ariamh? Buaidh na cruinne ag cuid mná shíol Éabha, tiocfaidh na seacht n-aingle ar uair ár mbáis agus tógfaidh suas mise go banntracht Dé agus Rí na ngrás.
    XII
    A Mhaighdean mhodhamhail, mhaiseach, is tú mo lón, mo stór agus mo choiscéim saor o'n t-solas a chuireas sinn ar an eolas go pobal mór na h-airighthe, ar áit a siltear na deora agus a nightear na lámha go dtabhairfeadh sin an t-anam saor go flaitheas Dé agus Rí mhór na h-airighthe.
    XIII
    A Íosa, mhic Íosa agus a athair ó'n t-slóigh a dhóirt fuil do chroidhe agus a cheannuigh go daor í. Bí agam i mo shuidhe, i mo luighe, agus mo chodladh. Go gcuiridh tú na droch smaointidhe malluighthe uilig amach as mo cheann agus is mo chuimhne. Tré rún dó ghrása anuas as na flaithis a sgaoilfear mo chroidhe-sa le carraig go cruaidh.
    XIIII
    A Mháire mhilis atá i n-a suidhe ar an deis láimh bí agam i mo suidhe agus i mo luighe agus go háirid ar uair mo bháis agus go dtógfaidh tú suas mise go ríoghacht Dé Amén.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. prayers (~3,266)
    Language
    Irish
    Collector
    Nóra Ní Ghallchobhair
    Gender
    Female
    Address
    Mín Lárach, Co. Donegal
    Informant
    Seán Ó Curráin
    Gender
    Male
    Age
    68
    Address
    Mín Lárach, Co. Donegal