School: Machaire Rabhartaigh
- Location:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
- Teacher: Seán Ó Gallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Machaire Rabhartaigh
- XML Page 213
- XML “Oifig Mhuire”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Oifig MhuireA Mhuire, agus a bhuma agus a mháthair dílis ó, slánú na cruinne in do lámha go léir Fóirthinn agus tártháil sinn i ngach cruadh-chás a mbéidh muid ann. Mó ghrádh thú a leinbh, a rugadh sa stábla agus a geineadh sa mhárta. Cuimhnigh m'anam ar uair mo bháis agus slánuigh m'anam ar do láimh dheis, a Íosa.
XXIV
Urnaighe chuig Íosa
Ó a Íosa tá fhios agam go bhfuair tú bás ar mo shon, béidh tú buadhartha má dheanam a dhath ort a bhéas contrálta, agus dhéanfaidh mé mo dhicheall le bheith maith feasta.
XXV
Urnaighe i mbuaidhreadh
Go ndéantar do thoil ró-naomhtha, ró-cheart, agus ró-ghrádhmar Dé i ngach uile nidh agus go rabh sí molta anois agus go bráthach Go ndeantar do thoil. Sé an Tighearna thug uainn agus sé thug dúinn.
XXVI
A Thighearna fóir orm nó caillfear mé
Congbhuigh mé go dlúith leat féin le do grásaibh, no rachfadh i bpeacadh agus tuitfeadh ar siubhal uait, a Thighearna táim an-lag, agus deán láidir mé.
XXVII
Ughluighim do theach Dé go n-ughluighidh teach Dé damh.
Ughluighim ar mo ghlún chlé do rí na Flaitheas agus do'n dá easball déag agus go sabhlóchaidh siad anam dá dtáinig romham agus mo dhiaidh.
XXVIII(continues on next page)- Collector
- Donncadh Ó Gallchobhair
- Gender
- Male
- Address
- Mín Lárach, Co. Donegal
- Informant
- Cáit Ní Gallchobhair
- Gender
- Female
- Age
- 73
- Address
- Mín Lárach, Co. Donegal