School: Machaire Rabhartaigh

Location:
Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
Teacher:
Seán Ó Gallchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 223

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 223

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Machaire Rabhartaigh
  2. XML Page 223
  3. XML “Cistí Óir i bhFolach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    sin a dheánamh. Ní thiocfadh le fear an t-sean hata é a thógáil é féin, mar go rabh an chroich-chéasta geárrtha ar an bhosca, sé sin go raibh an láimh iarainn coisreactha. Mar sin níor thóg siad é nó ní rabh siad ábalta. Deir na seanduiní fosta go bhfuil taisge óir i bhfolach i "noileán Uí Bhaoghaill". Deir siad go rabh an teach deánta aige air. Cuireadh an fear agus chuir an bhean an t-ór i bhfolach. Cuireadh é féin agus a bhean agus an madadh i n-aon uaigh amháin ar mhullach "Chill ullta" Ní fuair aon duine (ariamh croidhe) ariamh croidhe le é a thógáil. Tá sé annsin ó shoin. Deir na seanduiní go bhfuair fear as "Baile an Teampaill" bocsa óir fadó. Maidín amháin chuaidh sé síos chun an chladaigh fá-choinne leathaigh.Casadh an bocsa air i mbéál na trágha ar an "Mhúlanach" nó an "Bearnaí Bháin", áit ar thráigh Mhachaire Rabhartaigh. Leig sé air féin leis na daoine gur táirngí a bhí sa bhocsa acht d'innis sé féin do dhuine muinnteardha do gur ór a bhí ann. Cheannuigh sé feirm mór talaimh agus ní rabh sé lá bocht go ndeachaidh sé san uaigh
    Tá sé ráidhte go rabh bean le feiceál i mbeann "Thaoibh a leithid" agus cuid mhór bocsaí óir aicí. Thigeadh sí amach gach lá agus nigheadh sí an t-ór. Ní bean de chuid an t-saoghal seo í i n-aon chor ( ar bith). Tchífeadh an mhuinntir a bhíodh ag cruinniú a gcuid caorach í gach maidín ag nighe an óir thíos ag an abhainn. Bhí gruag bhuidhe uirthí agus bhí clóca nó brat óir anuas ar a guailne.
    Ta fear ar an (seo a) bhaile seo agus bhí sé indiaidh a theacht as Merica arbh ainm "Domhnall Mhicheáil" agus rinne sé brionglóid san oidhche go
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
          1. treasure legends (~7,411)
    Language
    Irish
    Collector
    Nóra Ní Ghallchobhair
    Gender
    Female
    Address
    Mín Lárach, Co. Donegal
    Informant
    Aodh Ó Gallchobhair
    Gender
    Male
    Address
    Mín Lárach, Co. Donegal