School: Machaire Rabhartaigh

Location:
Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
Teacher:
Seán Ó Gallchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 225

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 225

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Machaire Rabhartaigh
  2. XML Page 225
  3. XML “Táirgí Óir”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    " Tá tú istigh i ngleann mhór fharrsaing agus na ceudtaí, mílte, sidheóg ag gabháil thart fá taobh duit" D'fhreagar sé. " Leig amach mé go dtéighidh mé 'na bhaile". "Ó" arsa an fear eile: "Tá agat le cúig bliadhna a chaitheamh istigh annseo. Tusa an tríomhadh fear a tháinig isteach. Tá beirt eile istigh romhat fosta. Ar mhaith leat iad do fheiceáil" "Ba mhaith" arsa seisean. Cé bhí ann acht a athair agus a mháthair do bhí ghá chuartughadh agus tugadh isteach iad fosta.
    Bhí cúigear fear ag baint mónadh ar an bhaile seo aon uair amháin. Bhí cuid mhór mónadh le baint acú agus rinne siad deifre. Ar theacht an tráthnóna bhuail fear acú an sleaghán ar chroc. Thocháil siad leo gur bhain siad amach an croc a's an bhachta. Bhuail fear acú buille de'n t-sleaghán air agus caidé a bhí ann acht léab mhór ime. Thug siad leobhtha 'na bhaile é agus d'ith siad é, agus deir siad gurab é an t-im a b'fheárr é a d'ith siad ariamh. Tá cuid de na daoine a d'ith cuid de, beo ar an bhaile seo go fóill.
    Oidhche amháin bhí beirt fhear as an bhaile seo ag siubhal amuigh go mall indiaidh a bheith ag faire do bhí ar an bhaile. Shiubhál siad leo agus dranndán ceoil thuas acú. Bhí an oidhche comh geal nó bhí iomlán gealaighe ann. Bhí acú le ghabháil thar abhainn mhóir agus dubhairt fear acú " Is fearr dúinn a ghabhail thar an abhainn anocht" "Bhal" arsa an fear eile. " Caidé an rud sin thíos san uisge romhainn?"
    " Shílfeá gur rud buidhe atá ann" arsa fear acú." Anonn leis an bheirt acú fhad leis nó shíl siad gurab croc mór óir dó bhí ann" Tá ár saidhbhreas againn anocht" arsa an cheud fhear ag lúbadh síos agus ag tógáil aníos ar chroc, acht ní rabh sé ábalta
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
          1. treasure legends (~7,411)
    Language
    Irish
    Collector
    Sorcha Ní Ghallchobhair
    Gender
    Female
    Address
    Mín Lárach, Co. Donegal
    Informant
    Donnchadh Ó Gallchobhair
    Gender
    Male
    Age
    68
    Address
    Mín Lárach, Co. Donegal