School: Machaire Rabhartaigh

Location:
Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
Teacher:
Seán Ó Gallchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 236

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 236

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Machaire Rabhartaigh
  2. XML Page 236
  3. XML “Fir Cháiliúla”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    isteach go Toraigh i dtubán mór tá fiche bliadhain ó shoin. Chuaidh sé comh comhgarach do'n "Bhuilg" agus gur fhóbair go mbáidhfidhe é. Acht Sroich sé Toraigh slán. Bhí se iongantach maith ag iomradh.
    Deirtear gurb iad Tomás Ó Colla, Donnchadh Ó Colla agus Pádruigh Ó Colla na trí iomráir bád do b'feárr a bhí ins an áit seo. Ba as "Innis-Bó-Finne" iad. Níl beo anois acht Pádruig Ó Colla. Rith sé trí contabhairtí ar a bheith baidhte acht níor báitheadh go fóill é. Chuaidh sé féin agus a athair agus triúr eile amach oidhche amháin a dh'iasgaireacht. Oidhche gharbh a bhí inntí acht tháinig soitheach agus gheárr fríd an bhád ortha. rinne sí dhá leath díthe. Báitheadh a athair agus an triúr eile acht choinnigh seisean ar ghiota de'n bhád. Bhí sé comhair a bheith marbh acht go bé go dtainig bád de chuid an oileáin air agus go dtug chun an bhaile é. Thar a leath tháinig sé chuige féin nó chaith sé trí mhí 'na luighe. Bhí sé iongantach maith ag snámh. Acht go bé go rabh bhéadh sé báidhte an oidhche sin. Deirtear go rabh Páidí Ruaidh Ó Dubhgán a bhí i 'na chomhnuidhe i "Mbaile na Creige" i'na bhuanaidhe mhaith. Ní rabh aon duine ábalta é a bhualadh amach. bhíodh sé ar an iomaire tosaigh i gcomhnuidhe. Bhí sé ábalta acra agus ród a bhaint i lá amháin. Ins an am corráin a bhíodh aca.
    Deir na seandaoine go rabh Seán Maghnuis Eóin iongantach maith ag damhsa. ba as an "Trín Láir" é. Oidhche amháin gharbh a bhí ann. (Tháinig soitheach agus ghearr fríd an bhád ortha. Rinne sí dá leath díthe.) Sula ar imthigh sé go America thug sé oidhche mór damhsa daobhtha. Chruinnigh siad uilig. Thoisigh sé féin a dhamhsa. bhí an t-urlár tógtha suas aca, go h-áirid an mhuinntir a bhí ag damhsa. Acht sa deireadh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. historical persons (~5,068)
    Language
    Irish
    Collector
    Nóra Ní Ghallchobhair
    Gender
    Female
    Address
    Mín Lárach, Co. Donegal
    Informant
    Aodh Ó Ghallchobhair
    Gender
    Male
    Age
    56
    Address
    Mín Lárach, Co. Donegal