School: Machaire Rabhartaigh
- Location:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
- Teacher: Seán Ó Gallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Machaire Rabhartaigh
- XML Page 251
- XML “Seanchleasannaí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sean-chleasannaí
Is iomdha cineál cleasannaí a bhíodh ag daoine fadó nach bhfuil indiu. Seo ceann acú:" Crúdaige, creagaide i lár mo dhrom-sa agus i lár do dhrom-sa cé mhéad adharc ar bhocaide boc?" Ba h-é an dóigh a n-imthrigh an cleas sin: Chaithfeadh beirt, cathaoir a thabhairt leo síos i lár an toighe, agus duine acú suidhe uirthí, agus an duine eile seasughadh ar a chúl agus an rann seo gha rádh aige. Annsin nuair a chuireadh seisean ceist ar an fhear dó bhí ina shuidhe ar an chathaoir, cé mheud adharc do bhí air, chaithfeadh an fear eile freagra do thabhairt air. Agus muna mbíodh an freagra ceart aige bhíodh pionnas éigin ag an mhuinntir eile le cur air cosamhal le:- Chaithfeadh sé a ghabháil síos agus aníos an t-urlár deich n-uaire agus a dhá shul druidte aige agus gan a chos nó a lámh a bhuaileadh ar aon rud.Cleas eile: Thart -an-bhróg
Chaithfeadh gach uile dhuine a ghabháil ar a ghlúine beaga thart ar chladach na teineadh, agus bróg a bheith i láimh achan diune. Annsin an té a bhiodh ar tús chaithfeadh sé a ghábháil thart i gcúl an mhuinntir eile agus a dhá shúil a dhruid, agus tomhas cé aige a raibh comráduidhe a bhróige féin. Annsin dá mbíodh sé gan tomhas chaithfeadh achan duine a bhróg féin a chaitheamh air sa chruth nach mbuailfeadh sé é, agus an té a bhuailfeadh é, sé a chaithfeadh a ghabháil ar tús aríst."An Lúrapóg"Seo an rann: "Lúrapóg, lúrapóg, bliadhain neóin, léab an phobáin, sic na mbuille, buille beag siud isteach an t-slat ar bhárr na slaite." Seo an dóigh a n-imirthidhe é Bhíodh ar(continues on next page)- Collector
- Sorcha Ní Ghallachobhair
- Gender
- Female
- Address
- Mín Lárach, Co. Donegal
- Informant
- Donnchadh Ó Gallchobhair
- Gender
- Male
- Address
- Mín Lárach, Co. Donegal