School: Machaire Rabhartaigh
- Location:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
- Teacher: Seán Ó Gallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Machaire Rabhartaigh
- XML Page 260
- XML “Cleas Eile”
- XML “Amhrán”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)féin go bhfeicidh siad ceocú taobh a bhainfeas.
Amhrán
“Seo amhrán a rinne muinntir Tharraigh indiaidh iad atheacht anall as na Stát Aontuighthe”
Amhráin.Seo amhrán a rinne muinntir Thoraigh indiaidh iad a theacht anall as na Stát Aontuighthe. Do chaith siad sé bliadhna thall, agus tháinig abhaile aríst le briseadh croidhe indiaidh an oileáin a d'fhág siad ina ndiaidh.
I. An lá sin a d'fhág mise Toraighe ba dheas mo shapóg nótaí
Ba lúthmhar éusgaidh aigeantach mo choiscéim go dtí an stáisún,
Agus ní rabh cumhaidh orm fá aoinne acht an t-oileán a d'fhág mé[?]
II. Ba ghoirid linn ár gcúrsa le ceól agus le damhsa ar bhórd an "California"
Agus muid ag gábháil trasna i mbéal an Atlantic Mhóir
Acht ní raibh muid i bhfad ins na Státaí go rabh fhios againn arathach[?]III. Nuair a shroich muid inne an t-oileán sin, darbh ainm oileán an n-uaisle[?}
Bhí ceannphuirt ar gach taobh dínn, agus gan aoinne le muid a threorú
As ba mise a bhí óg amaideach a d'fhág an t-oileán a d'fhág mé.
Gan an obair le coimhéad ar maidín agam nó an "Landlady" le diol tráthnóna
IV. Ní raibh aon dochtúir ins na Stataí nár chruinnigh thart fá dtaobh dínn
Go dtainig fear fhad linn agus bheárr sé ár gcuid gruaige,
An dara fear annsin a bhain dínn ár gcuid eudaighe;
A's an tríomhadh fear le tomúchán mhór na gcaorach
V. Do tháinig fear againn ina dhiaidh sin le sgríbhinn fá-choinne ár gcuid eudaighe.
A's ba mise a bhí óg amaideach a d'fhág an t-oileán a d'fhág mé
Im' luighe go dtí an oidhche a's gan an bhóthigh le coimhéad ar[?}(continues on next page)