School: Machaire Rabhartaigh
- Location:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
- Teacher: Seán Ó Gallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ag a bhun. Ins an t-samhradh bíonn cuid mhór uaisle ag déanamh iongantais de'n áit seo, nó tá sé go deas gleoite thart fá dtaobh de.
An Pháirc Lár:- Seo páirc atá ar fheirm m'athar. Tá páirc Sheamuis Uí Gallchobhair ar an taobh dheas dí, agus páirc Éamonn Uí Gallchobhair ar an taobh eile.
Na Fearacáin:- Sin píosa beag talaimh agus trí fhosgladh ann agus idir na foscailtí seo fásann féar beag deas glas agus bíonn eallach ag inghilt eatorra.
An Pollán:- Sin an áit a bhfuil cuid mhór páirceanna beaga indiaidh a chéile. Tá an áit cineál crochta agus tá bun na bpáirceanna cineál (crochta) ina bpoill mhóra fharsainge. Ins an Geimhreadh bíonn locha beaga uisge ag a mbun seo agus shilfeá gur locha iad a bhí ann ariamh.Ghníthear curadóracht ins na páirceanna beaga seo, agus bheir siad bárr maith coirce agus préataí uatha comh maith le rudaí eile nach iad.
An Sgraith Luing:- Sin áit mhór, bhog nach dtiocfadh le duine nó le gamhain seasughadh ann. Nó dá dtéigheadh siad síos faoithe, go bráth ní thiocfadh siad anios. - Ainmneacha ÁiteannaTá siad seo uilig ar an Ardaidh Bhig i bparóiste Chloich-Cheann-Fhaoilidh
An Dam:- Áit a bhí ag na daoine fadó ag déanamh líon. Bhí sruthán 'na rith ann agus áit amháin bhí an t-uisge stapaidh aca.
"Árdán mhór Uí Bhaoghaill";- Tugtar an t-ainm sin air siocair gur ag a bhun a bhí teach Uí Bhaoghaill. Is ann fosta a cailleadh an Baoghlach a am laethe breághtha Samhradh ag amarc ar an fhairrge(continues on next page)- Collector
- Peadar Ó Briain
- Gender
- Male
- Address
- An Ardaidh Bheag, Co. Donegal
- Informant
- Pádraig Ua hArlaí
- Gender
- Male
- Age
- 80
- Address
- An Ardaidh Bheag, Co. Donegal