School: Machaire Rabhartaigh

Location:
Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
Teacher:
Seán Ó Gallchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 286

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 286

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Machaire Rabhartaigh
  2. XML Page 286
  3. XML “Seanfhocla”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    VV1. Is iomdha croiceann a chuireann an óige de:-
    Is iomdha athrú a thigeas ar inntínn agus ar thréithribh an duine óig.
    VV11. Mol an óige agus tiocfaidh sí:-
    Nuair a mholtar an óige bíonn a dhá oiread croidhe agus misnighe aige agus cuireann sé a chroidhe isteach san obair annsin,
    VV111.Téigheann an bainne go adharca na bó san Gheimhreadh:-
    Deirtear seo mar go mbíonn sé iongantach doiligh bainne a bhaint ón eallach ins an Gheimhreadh.
    VV1V. Comh dána le muc:-
    Sin comh dána agus is féidir le duine a bheith
    VVV. Is deacair olann a bhaint de ghabhar, nó fionnadh de chirc:-
    Chá dtig rud ar bith a bhaint de rud nach bhfuil sé air.
    VVV1. Bíonn leacacha sleamhaine i dtoighibh daoine saidhbhre:-Is furust earraidh agus dioghbháil a dheánamh ionnta.
    VVV11. Bíonn blas milis ar an bheagán:-
    Rud beag agus é milis, is feárr é na rud mór agus é iongantach searbh.
    11X. Seo liosta acu:-Molann an obair an fear.
    1X. Is olc an t-éan a shalas a nead féin.
    X. Is geal leis an bhfiach dubh a ghearcach féin.
    X1. Tá leacacha an tighe mhóir sleamhain.
    X11 Más fiú é a fhágháil, is fiú é a dh'iarraidh.
    X111. Ní thig olc na tíre, nach ndeán maith de dhuine éigin.
    X1V. Bíonn dabht ag gach aoinne a's an droch-dhuine.
    Xv. Rún gaduidhe a's rún madaidh.
    XV1. Ní féidir leat teacht slán ón gcontabhairt i gcomhnuidhe
    Sorcha Ní Gallchobhair, Mín -Ní- Lárach, Gort An Choirce, Tí Chonaill
    Donnchadh Ó Díochgáin, Oieán -Thoraighe (Thoir) Tír-Conaill.49bld'aois
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. proverbs (~4,377)
    Language
    Irish
    Collector
    Sorcha Ní Gallchobhair
    Gender
    Male
    Address
    Mín Lárach, Co. Donegal
    Informant
    Donnchadh Ó Díocháin
    Gender
    Male
    Age
    49
    Address
    Mín Lárach, Co. Donegal