School: Machaire Rabhartaigh

Location:
Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
Teacher:
Seán Ó Gallchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 313

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 313

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Machaire Rabhartaigh
  2. XML Page 313
  3. XML “Marcáil na nAimhithe le Comhartha Speisialta”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    agus nuair a bhéas sé dearg te leagann siad ar na h-adharca acú é, agus annsin nuair a téigheas a dhath a chomhair na h-adhairce, leagheann sí iad agus is furust annsin an t-ainm a gheárradh amach. Tá cuid eile de na daoine a chuireas dath ortha sé sin "Pínt" cuireann cuid acú thart ar a gcuid adharc é, agus cuireann cuid eile acú ar an druim é.
    Annsin na h-uain óga nuair a bíos siadsan ag gabhail chun an chnuic. Cuid de na daoine a ghéarrann giota beag de'n ruball díobh. Cuid eile a chuireas "breasal" ortha, cuid eile a ghearras bárr na gcluas dóibh. Cuid eile a chuireas "searachán" ionnta. Sé sin cuireann siad giota de rópa reamhar thart ar cheann de na cosa tosaigh, agus ar cheann de'n mhuinntir deiridh. Tá cuid eile a chuireas ola agus súithche ortha. Sé sin bheireann siad leo soitheach agus cuireann braon ola ann agus trí chrág súithche agus crag amháin salainn. Annsin deir said fosta go bhfuil sin iongantach maith ag congbháil ar shiubhal na "gcrabhóg". uatha. Tá cuid eile de na daoine a ghreamóchas bonn naomhtha do chlár eádainn na n-uan. Cuid eile aca a chuireas ribinní dearga nó gorma ortha, agus cuid eile a chuireas teanntáin bheaga cocháin thart ar a muineál. Tá cuid eile de na daoine a gheibheas buideál an bheag agus chuireas córda thart air agus a líonas de uisge coisreachtha é agus a chuireas thart ar a muineál é, Ní
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Sorcha Ní Ghallchobhair
    Gender
    Female
    Address
    Mín Lárach, Co. Donegal
    Informant
    Seán Ó Díochtháín
    Gender
    Male
    Age
    57
    Address
    Mín Lárach, Co. Donegal