School: Ceanntrágha (Ventry)
- Location:
- Ceann Trá, Co. Kerry
- Teacher: Donncha Ó Cúrnáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Bhuail sé cnag ar dhoras an chéad tighe a bhuail leis ach níor oscaluigheadh an doras in aon chor do agus siúd chun bothair aríst é.
Nuair a bhí sé díreach ag teacht i gcómhgar an Daingin do ghlaoidh an coileach agus dhimthig an t-eagla do. Chuaidh sé isteach i dtig sa Daingean ina raibh pósadh agus d'fan sé ann go h-oidhche. Nuair a tháinig an oidhche chuir fear an tíghe amach iad agus ansan thosnuig sé ar a thuras aríst.
Bhí sé ag dul síos Cnoc na Connartha déanach san oidhche nuair a buail sean duine beag leis a bhí timcheall dhá throig ar aoirde. Bhí pus air ar nós pus muice agus ar an bpus san bhí gach saghas bláth ag fás agus ar gach bláth bhí beach mhór.
Is ansan a chuimhnig sé ar a phaidrín ach nuair a chuir sé a lámh 'na phóca ní raibh sé ann. D'fhéach sé timcheall air agus cad a(continues on next page)- Informant
- Seán Ó Dubháin
- Gender
- Male
- Age
- 50
- Address
- An Baile Beag, Co. Kerry