School: Ceanntrágha (Ventry)
- Location:
- Ceann Trá, Co. Kerry
- Teacher: Donncha Ó Cúrnáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sé ar seift. Chuaidh sé go Luimneach agus leig sé air gur duine uasal é. Cheannuig sé cúpla ciarsúirí póca síoda leis an cúpla scilling a bhí 'na phóca aige.
Bhí rinnce i dtig san gcathair agus bhí a lán daoine baillighthe ann. Chuaidh sé chun an rinnce agus nuair a chonnaic sé na mná uaisle go léir a bhí ann dubhairt sé leis féin go ndéanfadh sé a dhicheall ar ceann acu a mhealladh chun é phósadh. Do tharraig sé ciarsúir síoda amach as a póca agus taréis a shrón a ghlanadh leis do chaith sé uaidh é. Ní túisge a bhí an méid sin déanta aige ná gur phrioc ceann des na mnáibh uaisle suas é agus ar seise leis "Do chaillis do chiarsúir póca a dhuine uasail." "Ó", ar seisean léi, "ná bac leis, ní úsáídim mo chiarsúir an tarna huair mar tá a lán airgid agam chun a thuille acu a cheannach."
Annsan d'iarr sí air cad é an ainm abhí air agus cad as é. Dúbhairt sé go raibh paiste mór talmhan aige in iarthar Charraidhe.(continues on next page)- Informant
- Tomás Mac an t Saoir
- Gender
- Male
- Age
- 62
- Address
- An Baile Beag, Co. Kerry