School: Ceanntrágha (Ventry)

Location:
Ceann Trá, Co. Kerry
Teacher:
Donncha Ó Cúrnáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0423, Page 415

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0423, Page 415

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Ceanntrágha (Ventry)
  2. XML Page 415
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title) (continued)

    Bhí baintreach ann fadó agus bhí aon inghean amháin aici.

    (continued from previous page)
    Bhíodar ana cheanamhail ar a chéile i dtosach ach d’eirigh toirmeasg éigin eatorra taréis cúpla bliadhain agus ní raibh an fear chómh ceanamhail ar a mhnaoi agus a bhí roimis sin. Ní raibh de mhuirthean acu ach aon inghean amháin agus bhíodh an fear ag dul le h-ól agus le ragairne gach lá de’n bliadhain.
    Oidhche amháin bhí sé sa tig tábhairne agus bhí sé ar meisge. Ní raibh pingin eile fághtha ina phóca aige agus ní raibh fhios aige cad a dhéanfadh sé. Bhí an tig lán agus iad go léir ar meisge agus dúbhairt duine amháin acu leis an bhfear a bhean a dhíol agus go mbeadh airgead aige ansan chun a thuille deoch a cheannac. Ní túisge ráidhte ná déanta agus bhí sé sásta a bhean a dhíol. Thabharfadh a lán daoine púnt do uirthi agus bhí sé chun í a dhíol ar an bpúnt nuair a tháinig fear mór árd go dtí an dorus. Ní raibh aithne ag éinne ar an bhfear seo agus d’ofráil sé cúig púnt do’n bhfear ar a mhnaoi agus is é a bhí sásta leis. Nuir a chonnaic a bhean é sin thosnuig sí ag gol ach dubhairt sí léithi féin ná féadfadh sí rud níos feárr a dhéanamh na dul leis an stróinséar toisc na raibh aon meas ag
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Tomás Mac an t- Saoir
    Gender
    Male
    Age
    64
    Address
    An Baile Beag, Co. Kerry