School: Ceanntrágha (Ventry)
- Location:
- Ceann Trá, Co. Kerry
- Teacher: Donncha Ó Cúrnáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ceanntrágha (Ventry)
- XML Page 431
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Bhi fear in a chómhnuidhe sa pharóisde mórach fadó agus ní raibh sé ach cúpla bliadhain pósta nuair a cailleadh a bhean.”
Bhí fear in a chomhnuidhe sa Pharóiste Mórach fadó agus ní raibh sé ach cúpla bliadhain pósta nuair a cailleadh a bhean. Ní raibh aon chlann aige agus bhí ana uaigneas air nuair a cailleadh í.
Bhí feirm bheag thalmhan aige agus ní bhíodh aoinne ag obair sa bhfeirm ach é féin. Ní bhíodh aon chailín aimsire aige leis mar ní raibh an fear bocht ábalta ar a págh a thabhairt dí. Aon oidhche amháin bhí sé suas ana dhéanach agus bhí sé ag léigheamh leabhair do féin chun an oidhche do chaitheamh mar ní chodluigheadh sé go sámh.
Timcheall a h-aon a chlog is d'oidhche tháinig cnag go dtí an dorus agus bhí eagla ar an bhfear é osgailt. Tháinig sé an tarna h-uair ach níor osgail an fear an dorus. Tháinig sé an tríomhadh uair agus chuaidh sé go dtí an dorus agus d'osgail sé é.
Do chonnaic sé madra mór dubh amuigh agus tháinig sé isteach agus labhair sé leis an bhfear(continues on next page)- Informant
- Brígid Bean Uí Lubhaingh
- Gender
- Female
- Age
- 74
- Address
- Cill na gColmán, Co. Kerry