Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- Suíomh:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
- Múinteoir: Seán Ó Loingsigh
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 118](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0429%2FCBES_0429_118.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 118
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- XML Leathanach 118
- XML “Comharthaí”
- XML “Púcaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Conas tras-scríobh a dhéanamh »Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
- Púcaí:
Bhí fear de mhuinntir Ghearailt na Comhnuide ar an nDrom fadó i paróiste an Chlocháin, agus oidhche amháin do dóghadh cró ba dá raibh aige, agus an méid ba a bhí istig ann de dóghadh na steille-bheathaidh iad.
Do bhí droch-amhras aige ar chomharsain do, ná raibh ró mhuinnteardha leis. D’imig an aimsir agus fuair an comharsa san bás.
An oidhche bhí sé á thórramh, bhí an tig farrtha lán go bruach de dhaoine. I lár na h-oidhche d’eirig an fear marbh aniar ar an mbórd agus labhair sé agus dúbhairt nár b’é féin do dhóghaidh na ba. Chuir sé i dtuiscint dóibh an t-é a dhein é. Agus bhí bean istig agus chuir sí isteach air an fhaid a bhí sé a labhairt agus d’fhiafruig sí dhe an bhfeaca sé a máthair. Dúbhairt sé go bhfeaca, agus go raibh sí fé mar bhí sí riamh ar an saoghal so, ag crúdh ba na gcomharsan, agus go raibh sí na girrfiadh [= gearrfiadh] anois.
Shín sé siar annsan, ‘s níor labhair sé a thuille.Máire Ní Leighin, 55 bl. ó na h-athair.