Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire

Suíomh:
Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
Múinteoir:
Seán Ó Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 137

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 137

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
  2. XML Leathanach 137
  3. XML “An Fear a Fuair an Dá Chomhairle”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    137/ “Ní raghad”, ar seisean “b’fearr liom an bóthar mór do thógaint”.
    Do scaradar le na chéile annsan, agus seo leotha an Stróinséir ag gabháilt an chosáin agus an fear eile a’tógaint an timpeall.
    Nuair a tháinig sé mór dtimpeall go dtí áit ’na raibh an cosán a dul amach ar an mbóthar mór arís, cad a gheobhadh sé caithte fuar marbh annsan ná fear an chosáin. Do chuimhnig sé gur mhaith an chómhairle a thug a athair do.
    Seo leis chun bóthair arís agus bhí sé a’ siubhal ’sa siubhal go dtí go tháinig sé go tig a bhí ar thaobh an bóthair, agus chuaidh sé isteach ann a’ lorg óstaíocht na h-oidhche.
    Ní raibh sé i bhfad istig nuair tháinig bean óg bláthmhar isteach agus d’iarr sé uirthi go béasach ar b’í bean a’ tíghe í. Dubhairt sí leis gur b’í. Do loirg sé cead a bheith istig aige ó annródh na h-oidhche uirthi, ach má loirg thug sí an t-eiteachas do go grod.
    Ba ghearr go bhfeaca sé fear thar meadhón-aois, ag cur capaill fé chairt agus ag cur drolach ime isteach innti. Agus chuimhnig sé láithreach ar chómhairle (a)
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0910B: The Servant's Good Counsels
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Mícheál Ó Gráinne
    Inscne
    Fireann
    Aois
    79
    Seoladh
    Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry