School: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte (roll number 12147)
- Location:
- Ardfield, Co. Cork
- Teacher: Pádraig Ó Donnabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Máistir scoile agus fear oibre i dtig a'tábhairne agus gach duine a'phlé a chúise féinig...”
Máistir scoile agus fear oibre i dtig a'tábhairne agus gach duine a'phlé a chúise féinig cailín tíghe a' tábhairne do mhalladh
1.
Lá Féile Phádraig is mé 'm shuidhe i dtig a' tábhairne
Bhí cuideachta aluinn lem' thaobh ag ól.
Bhí maighdean mánla na gcuachan mbán ann,
A cneis mar bhláth is a gruadha mar rós.
Bhí dís de sár-fhir 'na suidhe i gceann chláir ann
'Tabhairt searc is grádh-ghean do'n fhaoilean óg.
Bhí fear súiste is ráinn' ann is máistir scoláirí
Do scíiobh a lán is do léigh go leór.
Do labhair gach aon díobh 'na pháirte féinigh
A' moladh a threise leis an mhaighdean óg,
Feuchaint an féidir ao' tseift a dhéanamh
Ar ao' tslighe 'r ao' chor le teacht 'na cómhair.
2.
" Is sinn a mhúineann na sagairt cómhachtach '
Is na bráithre múinte a théidheann san bhFrainnc
Lucht dlíghe do mhúscailt i dtighthibh cúirte
Agus na doctúirí do dheineann leigheas.(continues on next page)- Informant
- Donnchadh Ó Fínn
- Gender
- Male
- Age
- c. 50
- Address
- Dunowen, Co. Cork