School: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte (roll number 12147)
- Location:
- Ardfield, Co. Cork
- Teacher: Pádraig Ó Donnabháin
![The Schools’ Collection, Volume 0316, Page 147](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0316%2FCBES_0316_147.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0316, Page 147
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 1.
Aréir is mé'm cur tuairisc mo bhó
'Seadh dearcas-sa lem' thaobh an spéirbhean mhúinte deas óg
Do bhí lasadh na gréine ar a scéimh agus a gruadha mar a'rós
Agus a cúl triopalach péarlach léi síos go sáilibh a bróg.
Do shuidheas-sa síos agus do luigheas 'un plámaireacht' léi
Agus i mbasa má'r shuidheas síleas go mbeadh sí páirteach dá réir.
2.
Má taoi tuirseach ón slíghe, gan mhoill go lá tar liom féin
Gheobhair leabaidh nách tuighe ar feadh mí, má's gádhtar duit é.
Cheapas beart ar linn lem' theacht go tigh an ósta aréir
Mar go bhfuilid na mílte thíos i ngádhtar go tréith.
Is caithfead-sa dul síos gan mhoill go Blárnaigh lem' scéal
Mar a bhfacha-sa an fhlít ar a'dtuinn agus í lán de ghunnaíbh tréan.
3.
Níl "yeoman" ceart ná fuil "pantaloon" air go sáil
Agus gheobhaidh súid sleap ar teacht na dtrúp ó'n Spáinn.
Beidh ceól 'na bhfear agus na sleagtha á dtabhairt annsúd go lá
Agus ólfam deoch gan tart agus búithre ar a' bhán(continues on next page)- Informant
- Donnchadh Ó Finn
- Gender
- Male
- Age
- c. 50
- Address
- Dunowen, Co. Cork