School: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte (roll number 12147)
- Location:
- Ardfield, Co. Cork
- Teacher: Pádraig Ó Donnabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Amhrán Grá
“A'doras tíghe siopa a chonnach-sa an stáir-bean”
1.
A'doras tíghe siopa a chonnach-sa an stáir-bhean
Ba dheise is ba bhreágha is dob' mhaordhuídhe cló
Do dheineas na coinne le'n iomarca grádha dhí
Is do leaga mo lámh ar a bán sine seó.
Do thugas-sa cogar di go doras tíghe tábhairne
Mar a raibh gloine 'gus cáirt 'na h-ólfaí dá cló.
'Sé dubhairt sí "fan socair is go glaodhfad ar mo mháithrín
Is go dtagaidh sí i láthair me fáilte mhór.
2.
Ara a cholúir gil 'sa chumair na bac-se do mháithrín
Is cuirfeam-ne ár gcás i dtrácht go fóill
'Fáin siúbhlaigh liomsa amach ins na bánta
Chun go gcloisfeam' go h-árd na gáirí eóin.
Mar a bheidh meitheal breágh d'fhearaibh ar maidin 'na léinte
Agus seisearach capall a tarrach le céile
Agus sinn ar ár leabaidh a'taitneamh dá chéile
Is go gcasfam' araon na géana rómhainn.
3.
Sin rud ná taithneann ar maidin liom féinigh
Sciodach na géana agus géim na bó
Mo mheitheal breágh d'fhearaibh ar maidin na léine(continues on next page)- Informant
- Donnchadh Ó Donnabháin
- Gender
- Male
- Age
- c. 70
- Address
- Bealacoosheen Cove, Co. Cork