School: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte (roll number 12147)
- Location:
- Ardfield, Co. Cork
- Teacher: Pádraig Ó Donnabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- An Ceylon
Do cailleadh long agus a crú go léir sa Tráigh Leathan tímcheall ceithre fichid bliain ó shoin agus ar feadh i bhfad aimsire 'na dhiaidh sin do bhíodh a samhail le feiscint a'seóltóireacht uair éigin tréis an mheadhoin oidhche. Bhíodh sí fé lán t-seól i gcómhnuidhe agus han ao' difríocht innte thar long saoghalta ach amháin go seóladh sí i n-aghaidh na gaoithe.
Oidhche stoirmheamhail áirithe bhí fear ó méadhon tíre a'siúbhal na h-áite seo ar thuras éigin agus do chonnaic sé an long mhór giorrachta do'n talamh agus í i ndoinnseár a briste, dar leis.
Do dhein sé go deair at thig cómharsan agus fuadar fé.
D'iarr sé ortha teacht gan mhoill go raibh long ar na carraigeachaibh nó buailte leis. Níor dheineadar ach gáirídhe fé mar bhí fhios acha san go maith gurb í an "Célonn" a bhí ann.
Cúpla nóimeat 'na dhiaidh bhí sí a'cur na fairrge di amach go tuigh airís.
Oidhche eile do bhí bád a'teacht ó bheith ag íascacht 'nuair do chonnacadar an long bhréigh a'déanamh ortha.
Bhí ga' h-aon seól d'á seólaibh ag obair innte, í a seóladh i n-aghaidh na gaoithe agus asoillse go léir ar lán-lasadh.
Tháinig crith-eagla ar muintir a' bháid ar eagla go rithfeadh sí tríotha, ach 'nuair a tháinig sí i ngiorracht fichead(continues on next page)- Informant
- Donnchadh Ó Fínn
- Gender
- Male
- Age
- c. 50
- Address
- Dunowen, Co. Cork