School: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte (roll number 12147)
- Location:
- Ardfield, Co. Cork
- Teacher: Pádraig Ó Donnabháin
![The Schools’ Collection, Volume 0316, Page 205](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0316%2FCBES_0316_205.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0316, Page 205
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte
- XML Page 205
- XML “Sa tSeanaimsir”
- XML “Smuigléireacht”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)mbeadh bád ó áit éigin eile rómpa.
Is annamh riabh ná go gcaithfeadh an long téad sa bhád chun cheangailt léi agus dréimire chun dul anáirde uirthe. Théidís anáirde le na h-earraí agus bhíodh fáilte agus fiche rómpa agus is mó fághaltas d'fhaighidís 'na n-iomad. D'fhaighidís brioscaí go flúirseach, éadach go minic, ailpeanna feóla, agus rudaí eile nách íad, agus is minic leis do fuaireadar buidéal biotáile nó rum.
D'fhágfaí slán i ndeire agus do crochfaí i gcóir a'bhaile agus is iad do bhíodh go súgach 'nuair a bhíodh bolmacha anois is airís ach as a mbuidéal.
'Nuair a bheadh an bád tarraicthe suas acha i dtalamh sábhalta do bhearfaidís gach ní go dtí tig chómharsan chun iad do roinnte, 'se sin dá mbeadh an oidhche ach ar theacht isteach dhóibh. - Tá baill sa paróiste seo i nGleann a' Mhaidráin, go bhfuil na puill le feiscint 'na mbun go mbíoch a' tabach agus an rum agus an línéadaigh i bhfolach ionnta chun go mbeadh ceannuightheóir le fagháil.
Dheinidís ualach mór an oidhche do bheidís á aistriú. B'eidir go mbeadh leath-chéad capall acha(continues on next page)- Informant
- Donnchadh Ó Donnabháin
- Gender
- Male
- Age
- c. 70
- Address
- Ballyluck, Co. Cork