School: Clochar na Trócaire, Ceann tSáile (roll number 4572)

Location:
Kinsale, Co. Cork
Teacher:
An tSr. De Pazzi
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0320, Page 020

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0320, Page 020

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Trócaire, Ceann tSáile
  2. XML Page 020
  3. XML “An Baile”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ag snighe isteach sa chuan tá Abha na Banndan agus ag bun na h-abhann san atá an sean bhaile cuid de ar cnocaibh agus cuid de idir na cnocaibh.
    Sráideanna cumhanga, casta agus sean-tighthe árda is mó atá ann. Mar dheimhniú ar ársacht an bhaile seo, ní gádh ach breathnughadh siar ar cuid des na h-eachtraidhthe staireamhla a fhág a rian go follusach i n achar na n-aoiseanna.
    Thar áitibh eile i Stair ár dTíre tá eolas agus aithne ar Chionn t-Sáile mar láthair chatha mhóir - chath millteach, tubaisteach a thug creachadh agus donas ar Ghaedhealaibh agus a fhág a thionchar go daingean láidir ar an Náisiún gus indiu - "Briseadh Chionn t-Sáile" Briseadh Éireann.
    Tá ós cionn trí céad bliadhain anois ann ó buaileadh an cath san, ach ar feadh na gcianta roimhe, bhí baile seo na sean-aimsearachta fé rath agus fé réim. Bhí sé i na shaor-bhaile o'n aimsir is sia siar. Bhí ballai 'na thimcheall fad ó. Is cinnte
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Dhonnbháin
    Gender
    Female
    Address
    Kinsale, Co. Cork