School: Clochar na Trócaire, Ceann tSáile (roll number 4572)
- Location:
- Kinsale, Co. Cork
- Teacher: An tSr. De Pazzi
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- An lá roimh Lá 'le Bhrigde tá sé de nós ag a lán de bhantracht na h-Éireann croisíní beaga tuighe do dheánamh agus do sháthadh fé dhíon an tíghe i n-onoír do "Mhuire na nGaedheal". Seo an sgéal a bhaineann leis an nós so. Nuair a bhí Brighid Naomhtha ag taisteal Iarthar na h-Eíreann le na mná riaghalta agus iad ag leathadh na críostaidheactha leo, thárla tráth gur rug an oidhche ortha agus chuadar ar seacrán slighe. Thugadar fé ndeara uatha solas, dheineadar air. Do bhuail Brighid ar an ndoras agus oscladh dí. Pagánaigh do bheadh muinntir an tighe, fear as a bhean, ní raibh le feiscint ach an bheirt. Chuir Brighid an úil dóibh an ponnc 'na raibh sí is do chuir sí eolas a bóthair ar an bhfear, má cuir fuair. Do thairg sé doch do Bhríghid agus dá lucht leanamhna. Níor mhaith le Brighid é do dhúiltadh. Chuaidh bean an phágánaigh fé deín an dighe. Nuair a thaínig sí thar nais is do Bhrighid do shín sí an cheád deoch. Do thóg sise an deoch uaithe ach in ionad í ól is amhlaidh do chrom sí síos agus do phioc aníos brobh luacrah do thom sí sa mbainne(continues on next page)
- Collector
- Norá Ní Flanagaín
- Gender
- Female
- Address
- Barrackgreen, Co. Cork
- Informant
- Mrs Cooney
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Female