School: Clochar na Trócaire, Ceann tSáile (roll number 4572)

Location:
Kinsale, Co. Cork
Teacher:
An tSr. De Pazzi
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0320, Page 025

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0320, Page 025

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Trócaire, Ceann tSáile
  2. XML Page 025
  3. XML “Cros Brighde”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    é ag gearradh le na linn sin, fíoghar na croise dhe, d'ól sí annsan í. Dó bhí an fear ag cur na súil tríthi ar feadh na h-aimsire agus b'ait leis cad é an brígh a bhí le tomadh an bhruibh san digh. mar sin. "Do bhí nímh inntí" arsa Bhrighid "nimh" ar seisean agus iongnadh an domhain air "nimh agus cé chuirfeadh nimh inntí?" "do bhean féin annsin" arsa Bhrighid. Níor dhein an bhean ach í feín do chaitheamh ag cosa Bhrigdhe 'ghá iarraidh, go bog is go cruaidh uirthi maitheamhnas do thabhairt dí. "Déanfadh má innisigheann tú dom cad do bheir duit bás le nimh a bheartú dom?" arsa Bhrighid. "An chrois oír atá fá do mhuineál agat" ar sise. Ón lá sin go lá a bás deirtear nár chait an Naomh chrois oír ach crois airgid agus í fá clúdach aice gan cathú do cur ar chách. Dubhairt sí le Críostuighte i n-dhiaidh sin aoinne dhéanfadh crois-luachra nó crois dá leitheíd agus í chur fá dhíon tighe i gcuimhne ar a saoradh féin ó bhás le nimh go mbeadh an tighe sín fá n-a coimrighe féin a's ná bainfeadh dóghadh ná dochar do'n tigh sin ná do mhuinntir an tighe ach comh beag.

    Norá Ní Flanagaín
    Barrac Green
    Cionn t-Sáile

    Fuaras an t-eolas ó mó Sean-mháthair Mrs Cooney
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
        1. Feast of St Brigid (~366)
    Language
    Irish
    Collector
    Norá Ní Flanagaín
    Gender
    Female
    Address
    Barrackgreen, Co. Cork
    Informant
    Mrs Cooney
    Relation
    Grandparent
    Gender
    Female