School: Clochar na Trócaire, Ceann tSáile (roll number 4572)

Location:
Kinsale, Co. Cork
Teacher:
An tSr. De Pazzi
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0320, Page 034

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0320, Page 034

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Trócaire, Ceann tSáile
  2. XML Page 034
  3. XML “An Síobhra”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bliadhanta ó shoin bhí bean ann agus bhí sí breoite ar feadh tamaill. Thugadh an cailín aimsire a béilí dí gach aon lá ach ní raibh aon feabhas ag teacht uirthe. Bhí a céile bocht i dteannta. Oidhche amháin nuair a bhí sé 'na chodladh, tháinig aingeal Dé chuige agus d'innis sé do'n bhfear nárbh í a bhean féin a bhí ann in aon chor. Is amhlaidh a bhí sí sgiobtha ages na sidheóga agus gur sidheóg a bhí sa leabaidh in inead a mhná féin. Dubhairt an t-aingeal leis go bhfaghadh sé a chéile thar nais ach dul go dtí abha ar uair an mheadhoin oidhche agus buidéal uisge coisreacáin agus sgian coise duibhe do bhreith leis agus go bhfeiceadh sé carráiste agus sé capaill agus go mbeadh a bhean sa carraísge sin. Annsan ba cheart do an t-uisge coisreagán do dhortadh agus an sgian do chaitheamh ar aghaidh an carráiste amach. Dhein sé fé mar a dubhradh leis agus fuair sé a bhean thar nais. Tárla an eachtra sa ag abha ar a dtugtar Baile Ríoghain atá timcheall ceithre míle go leith ó Cionn t-Sáile
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    2. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish
    Collector
    Cáit Ní Mhurchadha
    Gender
    Female
    Informant
    Mrs Cummins
    Gender
    Female
    Address
    Kinsale, Co. Cork