School: Sliabh Riabhach
- Location:
- An Sliabh Riabhach, Co. Cork
- Teacher: Éamonn Mac Suibhne
![The Schools’ Collection, Volume 0329, Page 041](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0329%2FCBES_0329_041.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0329, Page 041
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sliabh Riabhach
- XML Page 041
- XML “Seán gan Eagla”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ag lorg máighistir mé" arsa Seán. "Cad is ainm duitse" ar seisean. "Seán gan Eagla" arsa Seán ghá fhreagairt. "Tair chugham isteach" arsan duine uasal. Tá tig agamsa i leithéid seo d'áit - tig ana [?] ná mairfheadh aoinne agus an raghfá ann a Sheáin" ar seisean. "féachaint cad a chídhfeá ann" "Raghad" arsa Seán "gan scáth gan eagla."
"Cad é do phágh" arsan duine uasal. "Ceud púnt gach aon oidhche a bhead ann" arsa Seán. "Gheobhair do phágh agus fáilthe" arsan b'fhear. "An ólann tú tobac ar seisean " ólaim cheana" arsa Seán. "Gheóbhair púnt tobach gach oidhche" arsan duine uasal
"Tiocfhad chúgat gach maidin féachaint an mbeidh tú id bheathaidh" arsan duine uasal. "Rithead seans leis an gcúrsa" arsa Seán. Bhí san go maith is le línn tuitim na h-oidhche bhuail Seán isteach sa tig uaigneach agus shuig sé síos ag líonadh a phíopa agus nuair a bhí sé ag deunamh amach ar mheádhon oidhche bhuail cuige anuas an staighre ceatharar fear agus cómhra acu. D'fhiafhrúigheadar do Sheán an imirtheóchad sé fithile. "Á imirt atáim riamh" arsa Seán. Líon Sean ceithre píopaí tobac is thug sé dóíbh iad. Luíghedar ortha ag imirt annsan agus i gcaitheamh na h-oidhche b'éigin do Seán na píopaí a líonad arís is aris dóibh Bhíodar ag imirt go dtí sé a' chlog ar maidin agus annsan d'imthígeadar leó suas an staighre(continues on next page)- Informant
- Cáit Ní Fhúireán
- Gender
- Female