School: Sliabh Riabhach

Location:
An Sliabh Riabhach, Co. Cork
Teacher:
Éamonn Mac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0329, Page 042

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0329, Page 042

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sliabh Riabhach
  2. XML Page 042
  3. XML “Seán gan Eagla”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    agus an cómhra acu agus chuireadar na luighe ar Sheán gan faic d'ínnsint don duine uasal go dtí go mbeadh trí oidhche caithte ann aige.
    Ar a sé tháinig an duine uasal. "An maireann tú a Sheáin" ar seisean. "Mairim" arsa Seán "gan scáth gan eagla" "A' bhfeacais aon nídh i gcaitheamh na h-oidhche aréir" "ní fheaca" arsa Seán. Bhíodar annsan ar feadh an laé agus um thráthnóna arís dúbhairt an duine uasal. "Táimse ag imtheacht abhaile anois acht tiocfhadh mé arís chughat ar maidin amáireach" "Tá go maith" arsa Seán "ach caithfhidh tú dá phúnt tobac a thabhairt dom i gcóír na h-oidhche anocht" "Geóbhair í agus fáilte" arsan duine uasal. "Gheóbhair do dhóithin bídh leis." Chuaidh an duine uasal abhaile annsan agus bhí Seán sa tigh 'na aonar arís agus 'na codhladh bhí sé nuair a bhuail an ceatharar anuas an staighre leis an gcómrainn tímceall meádon oidhche. D'iarr Seán ortha an ólaidís tobac. "Ólaimís cheana" ar siad agus líon Seán na píopaí arís dóibh. D'fhiafhruigheadar do Sheán annsan an imirtheóchadh sé fithile. "A imirt atáim riamh" arsa Seán. Luígheadar ortha ag imirt agus nuair bhí sé sé a' chlog d'imthígheadar ortha suas an staighre arís is an cómhra acu.
    Tháinig an duine uasal annsan arís.
    "An maireann tú a Sheáin" ar seisean
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0326: The Youth Who Wanted to Learn What Fear Is
    Language
    Irish
    Informant
    Cáit Ní Fhúireán
    Gender
    Female