School: Sliabh Riabhach

Location:
An Sliabh Riabhach, Co. Cork
Teacher:
Éamonn Mac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0329, Page 043

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0329, Page 043

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sliabh Riabhach
  2. XML Page 043
  3. XML “Seán gan Eagla”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    "Mairim" arsa Seán "gan scáth ná eagla"
    "A bhfeacaís aon nídh i gcaitheamh na h-oidhche aréir" ní fheaca arsan Seán. Bhíodar annsan arís go dtí an tráthnóna agus dubhairt an duine uasal go raibh sé ag imtheacht uaidh arís ach go bhfilleadh sé ar ais amáireach "Tá go maith", arsa Seán ach caithfhidh tú trí púnt tobac a thabhairt do i gcóir na h-oidhche anocht. "Gheóbhair agus fáilte" arsan duine uasal "gheóbhair do dhóithin bídh leis." An oidhche sin thuit an rud ceudhna amach Tháinig na fir anuas an staighre in am mhairbh na h-oidhche agus dúbhradar le Seán gan pioc d'innsint don duine uasal agus gan aon-níd a ghlachadh uaidh "mar ar siad "daoine muínteara don duine uasal iseadh sinne" "Eirig" ar siad "síar chun an doruis" agus tóg suas leac atá ann agus féi tá trí próca óir. D'imthigheadar suas an staighre annsan is ní fheaca sé a thuille iad. Chuaidh sé síos chun an doruis agus ag aimsiú na leacan fuair sé an t-óir. Tháinig an duine uasal arís chun Sheáin agus d'iarr sé air an bhfeaca sé aonnídh i gcaitheamh na h-oidhche. "Connac" arsa Seán "daoíne muínteara duitse." D'imtigh Seán annsan agus nuair bhí an t-am istig tháinig sé go dtí an gcrois agus cóiste ceithre capaill aige. Bhí na dríobtháracha go léir ann ach níor aithnígheadar go dtí gur thaisbeán sé gearra a bhí 'na mhéar dóibh agus d'aithnígheadar é annsan. Cheannuig sé feirm thailimh do ghach duine acu.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0326: The Youth Who Wanted to Learn What Fear Is
    Language
    Irish
    Informant
    Cáit Ní Fhúireán
    Gender
    Female