School: Sliabh Riabhach
- Location:
- An Sliabh Riabhach, Co. Cork
- Teacher: Éamonn Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sliabh Riabhach
- XML Page 085
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Thárla go raibh fear ag dul go Cíll Áirne aon lá amháin. Casadh ministir air agus leanbh aige is é ag dul á bhaisteadh. D'iarr an fear an leanbh air chun seasamh leis díreach chun an ministir a árdú. Seo mar a dhein sé bhéarsa ar chad a thárla."Lá breágh aoibhinn margaidh,
Ar mo thaisteal go Cíll Áirne,
Cé casfaí orm ach ministir
Agus é ag dul ag baiste páiste,
Bhaineas féin mo hata dhíom
Is d'úmhluigheas síos go talmh do
Is nuair ná rabhas im Shasanach
Níor ghlac sé mé mar cháirde. - Bhí beirt fhear 'na gcómhnuidhe i dtigín cínn tuíghe le h-ais an bhóthair publí agus i bpróista Cíll Cóirna. Seán Ó Chonnail a beadh acu agus Pádraig Ó Chonnail a beadh an duine eile. Uncail do Sheán a beadh Pádraig. Thug Pádraig blúire beag talmhan a bhí aige do Sheán agus tar éis tamaill ní ró mhaith a réitóidis le na chéile agus go mórmór nuair a thagadh Seághan abhaile ón obair gach aon oidhche. Thugaidís cuid mhaith don oidhche ag troid agus ag eargóint ó gach taobh don teine. Ní raibh de sholus acu ach lampín beag óile a bhuailidís anáirde ar an íarta.(continues on next page)
- Informant
- Pádraig Ua Tuama
- Gender
- Male
- Address
- Com na Cloiche, Co. Cork