School: Sliabh Riabhach

Location:
An Sliabh Riabhach, Co. Cork
Teacher:
Éamonn Mac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0329, Page 091

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0329, Page 091

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sliabh Riabhach
  2. XML Page 091
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Roimh Deoch Abair”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear na chómhnuidhe i dtig mbeag fadó agus bhí i mbéal gach aoinne gur naomh é. Ní raibh aon fhuinneóg ins an dtig agus is anamh a raghadh sé amach agus dá bhrígh sin níorbh fheacaidh sé gathanna na gréine riamh. Aon Domhnach amháin do chuaidh sé go dtí an Aifreann agus nuair a chuaidh sé isteach do shuidh sé in aice na fuinneóige. Amach san lá d'eirig an ghrian agus do chaith sí a gathanna isteach tríd an bhfuinneóig. Do cheap an fear gur batáí a bhí ann agus do bhain sé dhe a chasóg agus do chuir sé in áirde ar na gathannaibh í, agus d'fhan sé ann gur thóg an fear arís í. An tarna Domhnach tháinig an fear chun na h-áite ceudhna agus bhain sé dhe a chasóg agus do chuir sé in áirde ar na gathannaibh arís í agus do choimeád na gathanna suas í. An tríomhadh Domhnach do tháinig sé go dtí an Aifreann arís agus sar a chuaidh sé isteach sa t-séipéal do bhain sé dhe a chasóg agus do chuaidh sé isteach go h-ana mhórálach agus do shuidh sé ins an áit céadhna 'na raibh sé na Domhnaighe eile. Do chuir sé an chasóg in áirde ar gathannaibh na gréine arís agus do thuit sé ar an dtalamh mar do bhí peaca uabhair déanta ag an bfear.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0759B: Holy Man Has his own Mass
    Language
    Irish
    Informant
    Bean Uí Luasaigh
    Gender
    Female
    Address
    An Doirín Álainn, Co. Cork