School: Sliabh Riabhach

Location:
An Sliabh Riabhach, Co. Cork
Teacher:
Éamonn Mac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0329, Page 094

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0329, Page 094

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sliabh Riabhach
  2. XML Page 094
  3. XML “An File agus Eoghain Ruadh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. File a mhair fadó agus mheas sé na raibh aoinne chómh mhaith leis chun filíochta. D'airigh Eoghan Ruadh mar gheall air agus dúbhairt sé go dtabharfhadh sé iarracht éigin fé agus go gcuirfheadh sé deireadh leis an meas a bhí ag daoinibh air. Mar seo lá bhí sé beartuighthe ag Eoghain Ruadh dul isteach sa tigh chuige ach dúbhairt na fir leis go raibh an file níos feárr ná aoinne a dhein dán ríamh. Shocruig Eoghain e féin annsan is chuir sé athrú éadaig air féin.
    Dúbhairt sé annsan le na comráduighthe dul isteach san tigh ósta 'na raibh an File i dtreo's go n-aithneóchdh sé an file nuair a thiocfhadh sé isteach agus dúbhairt sé leo nuair a bheadh sé féin ag teacht isteach á rádh leis suidhe síos chun díghe d'ól agus go dtabharfhadh sé fogha fé an bFile annsan. Chuaidh na daoine isteach san tigh-ósta annsan agus tréis tamaill bhuail cúcha isteach Eoghain Ruadh. D'eirig an duine a bhí in aice an Fhile 'na sheasamh nuair a tháinig Eóghain Ruadh isteach agus labhair sé is dúbhairt sé "Suidh síos a Eóghan is ól deoch." Labhair Eóghan is dúbhairt
    "Má shuídhim síos ós gcionn díghe scéithead sa
    Fiafhruíghim díbh an mó rígh a bhí o bhreith Críost ar ghach taobh de'n mhuir,
    no cad é an brígh ar cuireadh lucht léighinn ar bhun."
    Shín Eóghan a mhéar chun an Fhile le na línn sin ach theip ar an bhFile aon fhreagra a thabhairt agus bhí an buadh ag Eóghan is ní raibh an meas ceudhna ar an bFile as san amach."
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Informant
    Bean Mhicíl Uí Luasaigh
    Gender
    Female
    Address
    An Doirín Álainn, Co. Cork