School: Sliabh Riabhach
- Location:
- An Sliabh Riabhach, Co. Cork
- Teacher: Éamonn Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sliabh Riabhach
- XML Page 095
- XML “Scéal Phead Bhuí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear ann roinnt bliadhna o shoin gurbh ainm do Pead Buidhe. Duine ab eadh é ná raibh aon tigh aige ach bhí sé ag maireachtaint ar a' méid a gheobhadh sé ós na daoinibh. Bhí ana dhúil aige i gceól agus bhí píb aige agus bhíodh sé g'á sheinnt. Aon lá amháin bhuail isteach i dtig é agus thosnuig sé ag seinnt an cheoil istig dóibh. Bhí an bheirt cailín amuich sa pháirc ag bailiú cuid na mbó agus nuair airígheadar an ceól ritheadar isteach agus d'fhágadar an ciseán amuich ar bhruach na h-abhann faid a bhíodar istig tháinig tuille san abhainn is sciob leis an ciseán. Bhí an t-seanbhean istig ar ghealaig annsan agus dúbhairt gur b'é Pead Buidhe agus a ceol fé ndearr an chiseáin bheith imighthe. File a beadh Pead is dúbhairt
"Ní hé binneas mo cheól a sheól an ciseán chun siúbhal
Ach an tuille le fórsa do sheól é go barraí na dtonn
Raghadsa go Cóbh ag tógfad ann coite no long
Agus as san go doinn an bhóthair san fairsing súibálII
Chuas go Cionn t-Sáile is do thárlaig arm sa t-slíghe,
Sean bhean tráigh is í ag gabháil na breac ins an línn,
Chonnacsa an ciseán 'na liontán agus gad air fa'n cuím
Agus chuir sé céad fáilte láithreach roimh Pead Buidhe- Informant
- Bean Mhichíl Uí Luasaigh
- Gender
- Female