School: Baile Mhúirne (C.) (roll number 15347)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
![The Schools’ Collection, Volume 0330, Page 097](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0330%2FCBES_0330_097.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0330, Page 097
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Mhúirne (C.)
- XML Page 097
- XML “Seán Mór”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)istig sa bhuidéal "O" arsa Seán "caithfead isteach airís tú mar do mharbhócfá mé" "Ní mharbhóchadh" arsan bás "ach deanfad ana thairbhte dhuit" "Cad é an tairbhthe a dhéanfir dom? arsa Seán. "Múinead dochtúracht duit" arsan bás. "Tá leabhar ansan agat ar a dtugtar "Tadg Gaolach" ar agus bainfir a lán dochtúireachta as. D'airigh Seán an oidhche sin go raibh duine uasal breóidhte agus do ghlaoidh Seán air chun é d'fheisgint mar go raibh sé ana shuarach agus dúbhairt an bás leis. "Nuair a chídhfidh tú mise ag a cheann mairidh sé agus más ag a cosa a chídhfidh tú mé caillfear é."Chomáin Seán leis agus chuaidh sé go tig an duine uasail. Bhuail sé an cloigín agus tháinig seirbhíseach amach chun an doras d'osgailt do. Ní raibh crot duine-uasal ar Sheán, "Cad tá uait?" ar sise, Dúbhairt sé léi go n-oirfeadh do an duine-uasal a bhí breóidhte d'fheisgint. "Airiú" ar seisean "ní leogfar i láthair duine uasail tusa," dúbhairt sé léi go mb'fhéidir go leighisfeadh sé é agus dul go dtí an duine-uasal agus a rádh leis go raibh a leithéid ann."Dúbhairt sé léi é leogaint cuige. Chuaidh sé suas chun an duine-uasail agus bhí an bás ar a cheann roimis agus níor fhéad sé gan gáire. D'fhéach an duine uasail air agus dúbhairt sé leis a lámh a thógaint amach chun go mbéarfadh sé ar cuisleann air.Thóg sé amach a lámh agus rug sé ar chuisleann(continues on next page)
- Informant
- Máire Bean Uí Thuama
- Gender
- Female