School: Baile Mhúirne (C.) (roll number 15347)

Location:
Baile Bhuirne, Co. Cork
Teacher:
Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0330, Page 098

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0330, Page 098

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Page 098
  3. XML “Seán Mór”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Thóg Seán amach "Tadg Gaolach" agus do thosnuig sé ag léigheadh agus ní fheadair sé cad a bhí ar siubhal aige do dhéanfadh Seán fioghar na croise ar féin anois is airís agus é ag léigheadh agus dearfadh sé leis an duine-uasail é dhéanamh leis. D'fhiafruigh sé dhe an ólfad sé braon brandí agus dúbhairt sé go n-ólfadh.
    Dúbhairt sé leis an seirbhíseach a dhinnéir fhághail do Seán Mhór, dúbhairt Seán leó braon uisge beirbhighthe agus gráinín siúicre a thabhairt cuige chun do ndéanfadh sé braon punch do. Do thug sé dho é agus do chlúdaigh sé é le na h-éadaighe, chuaidh Seán ag ithe a dhinnéir ansan agus thuit a chodladh ar an nduine-uasal.
    Bhí Seán ag caint sa cistin ar feadh abhfhad. Ansan chuaidh sé suas agus dhúisig sé an duine-uasal "Conus tá'n tú?" arsa Seán, "Táim ana mhaith" ar seisean "imthig anois agus ithe do dinnéar" "airiú tá mo dhinnéir ithte agam le fada agus tá'n tusa id' codladh le dá uair a chluig.
    Bhí ana áthas ar an nduine-uasal nuair a airigh sé é sin. "Tá an lá go breágh" arsa Seán b'fhéidir go maith leat éirighe ar feadh tamaill. "O" ba maith liom" ar seisean. Do glaoidh Seán ar duine de's na seirbhísigh agus dúbhairt sé leis cupán fíor uisge a thabhairt aníos.
    Dúbhairt sé leis an duine-uasal é sin d'ól agus go glanfhadh sé an breoidhteacht síos tríd. Tháinig sé ansan agus thug sé glaine brandí do'n duine le
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0332: Godfather Death
    Language
    Irish
    Informant
    Máire Bean Uí Thuama
    Gender
    Female