School: Baile Mhúirne (C.) (roll number 15347)

Location:
Baile Bhuirne, Co. Cork
Teacher:
Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0330, Page 129

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0330, Page 129

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Page 129
  3. XML “Máire Gá agus na Púcaí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    an t-uisge beannuighthe agus sgian na láímhe duibhe agus díreach ar a dó dhéág a chlog san oidhche tháínig na capaill go léir amach agus do chroch sé an t-uisge ar an gcéad ceann agus dhein sé fáínne timcheall uirthi agus do sháidh sé sgian na láímhe duibhe sa capall agus do thairg sé an cailín anuas agus isteach abhaile leis agus bhí an iarlais ag teacht amach 'na choinnibh i bhfuirm caor teinntríghe agus bhí áthas mór ar an athair agus ar an máthair nuair a chonnacadar a cailín féín arís agus do bhíodar ana bhuidheach d'en seanbhean agus d'fhan sí ann ar feadh trí mí agus bhí saoghal breágh acha agus ansann do ghluais sí cun bhóthair airís, agus bhí an chailín ana mhaith chun oibre 'na dhiaidh san agus do thug sí isteach uisge glan agus nig sí na h-ártaí agus do sguab sí an tig gach oidhche.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Diarmuid Ua Laoghaire
    Gender
    Male