School: Baile Mhúirne (C.) (roll number 15347)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
![The Schools’ Collection, Volume 0330, Page 138](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0330%2FCBES_0330_138.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0330, Page 138
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Mhúirne (C.)
- XML Page 138
- XML “An Sprid sa Portach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)gcéadna agus do chaitheadar isteach sa mhailín bhig é fé mar a dheineadar leis an gceann. D'imthigheadar go dtI an áit 'nar thuit an lámh clé dhe agus dheineadar gach rud fé mar a dheineadar cheana féin.Ansan chuadar go dtí an áit 'nar chuaidh an chorp síos agus bhí ana thrioblóid aca ar an gcorp fhághail ach fuaradar é sa deire agus chuireadar isteach sa mhailín bhig airís é. Do tháinigh an triúr isteach abhaile, agus bhí an athair agus an máthair istig ag paidreoireacht rómpu, mar cheapadar ná tiocfadh a mic abhaile go brách arís cúcha ach do thánadar go slán súgach agus an lá na dhiaidh san do chuireadar an mailín agus an corp istig ann sa roilg agus ní fheachtas an sprid a thuille sa portach.
- Informant
- Ristéard Mac Suibhne
- Gender
- Male
- Age
- 61
- Address
- Na hUláin Thiar, Co. Cork