School: Baile Mhúirne (C.) (roll number 15347)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Mhúirne (C.)
- XML Page 168
- XML “An Múileach Cúngach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear ag lorg asail a chuaidh amú maidin Dómhnaig agus nuair a tháinig sé go geata an t-séipéil do casadh file air agus d'fhiafhrigh an fhear do'n fhile fógra do sgríobadh chun é thabairt do'n sagart chun é a léigheadh amach don phobal. Dúbhairt an file leis go ndéanfadh agus fáilte ach peann agus páipéar a thabhairt do, agus do thug sé do iad agus do sgríobh an file an fógra so agus do tugadh do'n sagart é:-A Athair.
Múileach atá go stranngach cumangach
D'imthig chun siúbhail uaim go moch indhiu
Tá ceann mór fada air
eirball sguabach
Agus tá a gruaige gan bheith
bán ná dubh
Ní raibh crúdh ná tarainge ar a crúba
ach gága
Bhí a rúmpa gearrtha
agus marc na phus
Agus pé fear ná buachaill go mbeidh
a thuairisg
Geobhaidh mar dualgas uaim
gallún puins.Ní raibh fear an asail ábalta ar léigheadh ná sgríobhadh ach do bhí an gaoluinn go blasta aige, nuair(continues on next page)- Informant
- Pádraig Ua Crimín
- Gender
- Male
- Age
- 55
- Occupation
- Oibrí
- Address
- Baile Mhic Íre, Co. Cork