School: Baile Choitín (C.) (roll number 16110)
- Location:
- Ballycotton, Co. Cork
- Teacher: Caitlín Ní Rignigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Insan bparróiste seo tá cúig no sé ceardchanna acht insan gceanntar níl act aon ceardcha amhain. Tuas i mBaile an Géana atá sé suidhte agus tá sé cupla slat ón mbothar. Is le muinntir "Fabhaois" (?) é agus níor gaibhne a mhuinntir rómpa. Ní ceann tuighe ná ceann slinne atá air acht ceann sionca.Tá cuma ar an doras fé mar a chidhfeá ar tig comhnuidhthe. Níl acht teallach insan gceardchain agus tá builg mhóra chun séíde fe'n dteine aige, agus níor deineadh san ait íad. Cuireann sé cruidhte fé capallaibh agus fé asail act ní cuireann sé crúidhte fé bhuaibh ná fé bhallánaibh. Ní deineann sé úirlisí feirme act deisigheann sé íad. Deineann sé geataí agus cuireann sé buinn ar rotaibh act ní cuireann sé spealtraca i dtreó. Deineann an gabha cruidhte do cur fé chapallaibh agus buinn do cur ar rothaibh amuigh fe'n air.Deirtear go bfuil uisce ceardchan ana mhaith cun faithinne agus fuactán do leigheas, act níl aon tráct ar aon usáid a deintear des na bluirí dearga íarainn(continues on next page)