School: Inis Meáin (roll number 12339)
- Location:
- Inis Meáin, Co. Galway
- Teacher: Proinsias Ó Dorchaidhe
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Inis Meáin
- XML Page 01_016
- XML “Eadaí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá trí tháilliúr san áit anois agus níor raibh ann fadó ach aon táilliúr amháin. Is ins an teach a oibrigheann siad anois ach bhíodh an táilliúr fadó ag imtheacht ó theach go teach. Is amhlaidh a theigheadh na daoine ag glaodhach air le cultracha éadaighe a dhéanamh do mhuintir an tighe. Ní bhíonn aon éadach sa teach aca le díol ach is ag na daoine feéin a bhíonn's sé.
Is cultacha do éadach olna a bhíonn's fighthe as togha na holna a chaitheann's na daoine san áit. Is sin é an sórt éadaigh a bhíodh na daoine ag caitheamh san áit ó thús an tsaoghail agus a bheidheas siad a' caith go deo san áit.
Bíonn go leor gléasanna ag an táilliúr le obair a dhéanamh. Bíonn siosúir, miosúr, méaracán, snáthad, spól, cailc agus inneall fuaghála ag an táilliúr. D'airigh mé sean scéal(continues on next page)- Collector
- Brighid Ní Choinceanainn
- Gender
- Female
- Address
- Ceathrú an Teampaill, Co. Galway