School: Inis Meáin (roll number 12339)
- Location:
- Inis Meáin, Co. Galway
- Teacher: Proinsias Ó Dorchaidhe
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Inis Meáin
- XML Page 01_018
- XML “Áitainmneacha”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá go leor ainmneacha againn ar an bhfeilm ag baile. Tá ainm fá leith againn ar gach páirc. Tá na h-ainmneacha sin ortha ó tógadh iad agus is fada an lá é sin.
Tá 'bearna luighe' againn mar go bhfuil na buaillte na luighe i ndiaidh a chéile.
'Buaile na muc' mar go mbíodh muca ann fadó.
'Gort an arbhair' mar go mbíodh go leor arbhair ag fás ann fadó.
'Poll na gColm' mar go mbíodh éanlaith ar nós na gColm ann fadó.
'Gort an uisce' mar go mbíodh go leor uisce ag rith ann.
'Gort caonaidh' mar go mbíodh go leor caonach ag fás ann.
'Garraidhe Bhrigid Cuínach' mar go mbíodh bean ag sáthadh fataí ann.
'An buaille fada' mar go bhfuil sé fada.
'An muirbheach gaineamh' mar go bhfuil go leor gaineamh ann.
'An crógáinín cruaidh' mar go bhfuil sé cruaidh.
'Creig a' bhalla' mar go(continues on next page)- Collector
- Brighid Ní Choinceanainn
- Gender
- Female
- Address
- Ceathrú an Teampaill, Co. Galway